← (Tá an píosa seo bunaithe ar Silva Gadelica, Foras Feasa ar Éirinn, 2, Caib. 🔊✎
← Chuir Caoilte a lámh i mbos a scéith agus thug amach trí chaoga unsa de dhearg-ór gur bhronn ar Phádraig é. 🔊✎
← Thug Pádraig an t-ór dá lucht ceirde le cur mar chlúdach ar cheolán nó cloigín, ar shaltracha agus ar leabhair Aifrinn. 🔊✎
← "Agus caidé a choinnigh dea-bheatha libh nuair nach raibh eolas ar Shoiscéal Dé agaibh?" 🔊
← "Bhímis inár gcónaí sna tithe ó Shamhain go Bealtaine agus amuigh faoi na caoillte agus ar na sléibhte ó Bhealtain go Samhain. 🔊✎
← Ar a shon sin ba linn féin seilg na tíre, an fheoil a bheith mar bhia againn agus na craicne mar thuarastal. 🔊✎
← "Shuíodh Fionn ina bhoth seilge i mullach cnoic de ghnáth agus scaipeadh na Fianna amach ar fud na dúiche timpeall air. 🔊✎
← Bhí taoiseach naonuair i gceannas ar gach buíon, dhá shleagh agus scian ag gach fear agus cú nó gadhar ar iall. 🔊✎
← Chuiridís fáinní seilge ar na coillte agus na tulacha agus thiomáinidís beithigh allta na tíre isteach rompu. 🔊✎
← Ba bhinne ná gach ceol, a Chléirigh, gáir na bhfear ag seilg na conairte agus scread na na gcon ar thóir na seilge go mbíodh smut gadhair agus lámh laoich dearg le fuil, beithigh ina luí marbh agus giollaí faoi ualach ag cruinniú an áir". 🔊✎
← Ansin ghléasaidís cuid den fheoil ar bhearacha adhmaid, dá bruit leis an tine agus an chuid eile ina dlaoithe le súgáin agus chuiridís san uisce í sa chlais ba mhó den dá chlais. 🔊✎
← "Chruinníodh na laochra ar an tulach agus níodh gach uile fhear acu a cheann agus a chorp sa dara clais go mbaineadh sé an t-allas de. 🔊✎
← "Aithris anois dúinn na coinníollacha a bhí ar na Fianna, a Chaoilte". 🔊✎
← Ceithre choinníoll a bhí ar gach fear: Gan spré a ghlacadh le bean ach í a thógáil ar a dea-bhéasa agua ar a tréithe. 🔊
← Gan olc a dhéanamh ar bhean. 🔊✎
← Deich gcoinníoll eile a chuir Fionn ar gach ábhar Féinne: Slánadh a fháil óna athair agus óna mháthair, óna ghaolta agus óna chine nach n-agróidís a bhás go brách ar aon duine dá marófaí é a fhad a bheadh sé sna Fianna. 🔊